Mao Tse-tung
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bhí Mao Tse-Tung (de réir an chórais úd pinyin, Mao Zedong; Shaoshan, Hunan, 26 Nollaig 1893 - Péicing, 9 Meán Fómhair 1976) ina cheannaire Cumannach ar an tSíne. Bhuaigh sé cogadh cathartha sa tír sin sa bhliain 1949 agus chuir sé deachtóireacht Chumannach ar bun. Áirítear gurbh é an t-ollmharfóir ba mhó i stair an domhain, agus gur básaíodh os cionn seachtó milliún duine faoina réim. Ba le cabhair Stailín a tháinig sé i gcumhacht, ach d'éirigh idir eisean agus na Rúisigh, agus rinne sé iarracht ceannas a fháil ar an Chumannnachas idirnáisiúnta. Is minic a thugtar Maoisteachas ar an leagan den idéeolaíocht Mharxach a chleacht Mao, cé go húsáideadh na húdaráis Shíneacha na téarmaí Marxachas-Leinineachas-Smaoineamh Mao Tse-Tung no frith-athbhreithniúchas; déanann an dara téarma tagairt don athbhreithniú idé-eolaíoch a bhí déanta ag ceannairí an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh bhás Stailín, dar le Mao. Tá an Páirtí Cumannach fós i gceannas ar an tSíne, cé go bhfuil an tír á forbairt anois de réir phrionsabail gheilleagracha an chaipitleachais.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.