An Cháisc
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comórann Domhnach Cásca (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca) aiséirí Íosa Chríost, tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá. Tá Domhnach Cásca ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaíoch. Brathann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach blian. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar leis an bhféilire Gríogóireach a chuir eaglais na Róimhe i réim.
Tagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit.
Tugtar Seachtain na Páise ar an seachtain a thosaíonn ar an Luan roimh Dhomhnach Cásca. Ar Chéadaoin an Luathraigh, is gnách ag Caitlicigh glacadh le faoistean agus píonós a dhéanamh ar pheacaí.
Bíonn saoire poiblí in Éirinn ar Luan Cásca, ní hamháin mar gheall ar an gCáisc, ach chun Éirí Amach na Cásca i 1916 a chomóradh.