G8
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is tagairt don Grúpa 8 an G8. Is iad Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, An Ríocht Aontaithe, An Iodáil, An Fhrainc, An Ghearmáin, an tSeapáin agus An Rúis na ballstáit. An G7 a bhí ann roimh iontráil na Rúise i Meitheamh 2002. Is iad na 8 tíortha is cumhachtaí ó thaobh na tionscalaíochta de ar domhan an G8. Tá tionchar láidir acu ar pholasaí airgeadais an domhain uile. Tagann siad le chéile ag cruinnithe gach bliain. Eisíonn siad dréachtaí is polasaithe ag deireadh gach cruinniú chun geilleagar an domhain a stiúradh.
Tháinig an G6 - an G7 seachas Ceanada - don chéad chruinniú i Rambouillet na Fraince i Samhain 1975. Bhain Ceanada páirt sa G7 i 1976 i bPórtó Rícó.
Bhí an cruinniú i 2006 i gCathair Pheadair na Rúise, idir 15 Iúil agus 17 Iúil. Beidh an chéad cheann eile san Ghearmáin i 2007.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.