Carl von Linné
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Luibheolaí Sualannach ab ea Carl Linnaeus, ar ar tugadh Carl von Linné ( éist) chomh maith tar éis go ndearnadh uasal de (23 Bealtaine, 1707 – 10 Eanáir, 1778). Chuir sé eagar ar bhunsraith scéim tacsanomaíochta na linne seo. Tá cáil air freisin mar dhuine de cheannródaithe na héiceolaíochta.
[athraigh] Beathaisnéis
Rugadh Carl Linnaeus i Råshult, i gcúige Småland i ndeisceart na Sualainne. Ar nós a athair agus a sheanathair roimhe bhí sé i gceist go mbeadh sé ina ábhar sagairt, ach ní raibh spéis aige sa saol sin. Thug dochtúir leighis spreagadh dó mar gheall ar an spéis a bhí ag Linnaeus sa luibheolaíocht, agus cuireadh é go Ollscoil Lund. Bliain ina dhiaidh seo, d'aistrigh sé go hOllscoil Uppsala.
[athraigh] An Córas Linnaech
Rangaigh Linnaeus gach ainmhí agus planda dá raibh ar eolas aige ina saghasanna agus thug sainainm faoi leith ar gach saghas. Speiceas ar leith ba ea gach aon saghas acusan. Má bhíonn roinnt speiceas cosúil lena chéile, déantar na speicis chosúla a rangú in aon ghéineas amháin, is é sin, i ngrúpa atá níos fairsinge ná an speiceas. Seo liosta de na grúpaí go léir:
- Speiceas
- Géineas
- Fine
- Ord
- Rang
- Fíleam
- Ríocht
Gach uair dá bhfionntar orgánach nua, tugtar ainm Laidine air. Ainm déthéarmach a thugtar, is é sin le rá go mbíonn dhá chuid ann:
- an chéad fhocal, an t-ainm géineasach a chuireann in iúl géineas an orgánaigh
- an dara focal, an t-ainm speiceasach, a bhíonn go sainiíúil ag an speiceas
Rangú Homo Sapiens:
- Ríocht: Ainmhithe
- Fíleam: Chordata
- Rang: Mammalia
- Ord: Primates
- Fine: Hominidae
- Géineas: Homo
- Speiceas: sapiens
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.