Osama bin Laden
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is ceannaire Ioslamach bunúsaíoch é Usāmah bin Muhammad bin 'Awad bin Lādin, (Araibis: أسامة بن محمد بن عوض بن لادن), nó Osama bin Laden agus Usama bin Laden mar is fearr aithne air. Rugadh bin Laden i Riyadh, An Araib Shádach ar 10 Márta, 1957. Bhunaigh bin Laden an grúpa paraimíleatach al-Qaeda, agus creidtear gur ghlac sé páirt i roinnt ionsaíthe ar fud an domhain. An t-eachtra is mó ab ea iad na h-ionsaithe sceimhle 9/11 sna Stáit Aontaithe Mheiriceá i 2001.
Tá bin Laden agus al-Qaeda i gcoimhlint leis an tIarthar, agus na Stáit Aontaithe go háirithe, mar gheall ar an tacaíocht a dtugtar don stát Iosrael, cúpla réimse deachtóireachta san Meánoirthear, agus na bunáiteanna a bhí ag na Meiriceánaigh san Araib Shádach, an tír ina bhfuil na cathracha tábhachtacha Meice agus Medina suite (tógadh iad amach níos déanaí i 2003).
I láthair na huaire, níl eolas ag éinne cá bhfuil bin Laden ag folaigh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.