New Immissions/Updates:
boundless - educate - edutalab - empatico - es-ebooks - es16 - fr16 - fsfiles - hesperian - solidaria - wikipediaforschools
- wikipediaforschoolses - wikipediaforschoolsfr - wikipediaforschoolspt - worldmap -

See also: Liber Liber - Libro Parlato - Liber Musica  - Manuzio -  Liber Liber ISO Files - Alphabetical Order - Multivolume ZIP Complete Archive - PDF Files - OGG Music Files -

PROJECT GUTENBERG HTML: Volume I - Volume II - Volume III - Volume IV - Volume V - Volume VI - Volume VII - Volume VIII - Volume IX

Ascolta ""Volevo solo fare un audiolibro"" su Spreaker.
CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Bhrasaíl - Vicipéid

An Bhrasaíl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

República Federativa do Brasil
Bratach na Brasaíle Armas na Brasaíle
(Bratach) (Armas)
Mana: Ordem e Progresso
Amhrán náisiúnta: Hino Nacional Brasileiro
Suíomh na Brasaíle
Príomhchathair Brasília
°′  °′ 
An chathair is mó São Paulo
Teangacha oifigiúla Portaingéilis
Rialtas
Uachtarán
Leas-Uachtarán

Luiz Inácio Lula da Silva
José Alencar Gomes da Silva
Neamhspleáchas
Fógraithe
Glactha leis ó

7 Meán Fómhair 1822
29 Lúnasa 1825
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
8,547,403 km² ()
0.65%
Daonra
 • Meas. ó 2004
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
186,112,794 (23ú)
-
21/km² (51ú)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2004
$1,482 trilliún (9ú)
$8,049 (70ú)
Airgeadra Real (R$) (BRL)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
-2 go -5 (oifigiúil -3) (UTC)
- (UTC)
Fearann Idirlín .br
Glaochód +55

Tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl. Is í an tír is mó ar an mór roinn sin agus clúdaíonn sí réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach. Tá daonra timpeall 180,000,000 aici. Sruthann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhanntracht ar cheann de háiteanna is tábhachtaí ar domhain maidir le dúlra, caomhnú raidhse plandaí agus ainmhithe, agus glanadh an aeir ag crainnte. Is é Brasilia príomhchathair na tíre, ach is iad São Paulo agus Rio de Janeiro na cathracha is mó sa tír.

[athraigh] Stair

Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe Portaingéalacha i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas Pedro Álvares Cabral. Chuir Portaingéalaigh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí ann de réir finscéalta na nGael, áit éigin amuigh san fharraige mhór taobh thiar d'Éirinn. Chuaigh an siúcra i dtábhacht mar bharra de réir a chéile, agus tugadh na sluaite sclábhaithe as an Afraic chun na Brasaíle ar mhaithe le saothrú na talún.

Bhunaigh na Portaingéalaigh an chéad chathair sheasta, São Vicente, sa Bhrasaíl sa bhliain 1531. Trí bliana ina dhiaidh sin, roinn Eoin a Trí, rí na Portaingéile, cósta na Brasaíle ina "chaptaenachtaí", trí cheann déag acu ar fad, agus bhronn sé gach captaenacht ar dhuine uasal éigin, le go rialódh sé í mar fheod príobháideach. De réir a chéile, áfach, d'iompaigh sé amach nach raibh ag éirí leis an bpolasaí seo, agus sa deireadh, bhain an rí na captaenachtaí ar ais de na glacadóirí. Ansin, bhunaigh sé trí choilíneacht mhóra - Maranhão, Grão Pará, agus an Bhrasaíl. Bhí gach coilíneacht á rialú ag a gobharnóir ginearálta féin, agus mionghobharnóirí i gceannas ar na captaenachtaí a bhí ann roimhe seo.

An chuid ba mhó den am, ní raibh an Phortaingéil ag coinneáil greim ródhocht ar na coilíneachtaí seo. Tháinig cathracha ar an bhfód de réir a chéile, agus bardais á rialú agus ag cur orduithe ón rí i bhfeidhm orthu. Faoin tuath, áfach, b'iad na "captaein mhóra" nó na "coirnéil" a bhí i mbun na gcúrsaí, agus iad sách neamhspleách ar an mbardas agus ar an ngobharnóir.

Rinne cumhachtaí coilíneacha eile cupla iarracht cúngú ar thailte na Portaingéile sa Bhrasaíl. Sna 1550idí, bhunaigh na Francaigh coilíneacht na Fraince Antartaí (France Antarctique) san áit a bhfuil Rio de Janeiro inniu, ach ní raibh teacht aniar ar bith sa choilíneacht. Ghabh na Portaingéalaigh an Fhrainc Antartach sa bhliain 1567 agus chuir siad cathair dá gcuid féin ar bun ansin.

Sa bhliain 1580, chuaigh an Phortaingéil agus an Spáinn in aontas pearsanta faoi aon rí amháin, nuair a cailleadh Sebastião, Rí na Portaingéile, gan oidhre nó ríchomharba a fhágáil ina dhiaidh. Bhí an fhadhb ag dul leis an aontas seo ná go bhfuair na Portaingéalaigh trioblóidí leis na hOllannaigh, arbh iad sean-naimhde na Spáinneach iad. Roimhe sin, bhí an caidreamh idir an Phortaingéil agus an Ollainn cairdiúil go maith, agus iad ag déanamh an-trádála le chéile. Tháinig deireadh leis seo, agus d'fhorghabh na hOllannaigh cuid mhór de choilíneachtaí na Portaingéile sa Chian-Oirthear. D'fhéach siad, fiú, an Bhrasaíl a sciobadh ó na Portaingéalaigh. Ghabh Jacob Willekens agus Piet Hein Bahia, príomhchathair na gcoilíneachtaí Portaingéalacha i Meiriceá Theas, sa bhliain 1624. Sheol fórsa millteanach Spáinneach go Bahia le ruaigeadh a chur ar na hionróirí, ach má chuir féin, tháinig siad ar ais sa bhliain 1630. Bhunaigh na hOllannaigh coilíneacht i bPernambuco agus thosaigh siad ag sealbhú tailte Portaingéalacha timpeall na háite.

Rinne na hOllannaigh seadú maith i bPernambuco. Thosaigh siad ag tógáil cathracha agus ag forbairt na coilíneachta s'acu. B'é an siúcra an tráchtearra ba mhó a bhí ann, agus b'iad na daoir ón Afraic a bhí á tháirgiú.

Sa bhliain 1640, fuair na Portaingéalaigh dealú ón Spáinn arís, agus ocht mbliana ina dhiaidh sin, d'fhorghabh siad Luanda, an cuan trádála san Afraic trína bhfaigheadh Pernambuco an chuid ba mhó de na daoir. Bhí trádáil na ndaor faoi smacht na bPortaingéalach anois, agus ó bhí coilíneacht Pernambuco ag brath ar na daoir Afracánacha leis an gcána siúcra a shaothrú, fuair na hOllannaigh ansin iad féin i gcruachás eacnamaíochta. Ní raibh suim ag lucht rialtais na hÍsiltíre i gcoilíneacht nach raibh airgead ag teacht aisti a thuilleadh, agus sa bhliain 1662, dhíol siad iarsmaí na coilíneachta leis an bPortaingéil. Na hOllannaigh a bhí ina gcónaí ansin, bhog siad go dtí coilíneachtaí eile na hÍsiltíre.

Anois, agus rítheaghlach Bragança ag rialú na tíre, bhí an Phortaingéil ag éirí mór le Sasana, agus an trádáil idir an dá thír seo ag dul chun tábhachta. Ar ndóigh, b'iad táirgí na Brasaíle na honnmhuirí ba mhó a bhí an Phortaingéil a dhíol le Sasana.

Bhí an Bhrasaíl á fairsingiú siar, agus cathracha nua á mbunú i bhfad isteach ón gcósta, go háirithe Manaus, a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1674. Bhí páirt lárnach ag São Paulo san fhairsingiú seo. Bhunaigh na hÍosánaigh Misinéireacht Naomh Póil sa bhliain 1532, agus d'fhás cathair timpeall an stáisiúin mhisinéireachta - São Paulo. Lucht trádála daor ba mhó a shocraigh síos i São Paulo, agus iad ag eagrú bandeiras nó cineál díormaí paraimíleata le breith ar na daoir Afracánacha a d'éalaigh ó na coilíneachtaí agus le troid a chur ar na bundúchasaigh. Ba mhinic a rinne na bandeirantes - na saighdiúirí paraimíleata - an-ródach orthu siúd.

Nuair a rinne Napoléon ionradh ar an bPortaingéil theith rítheaghlach na tíre sin chun na Brasaíle in 1808, agus cé gur fhill siad abhaile ar feadh tamaillín, níorbh fhada gur chuir siad fúthu go buan sa Bhrasaíl. Mar gheall ar an mbriseadh a rinne cogaí Napoléon idir an Domhan Úr agus an Eoraip bunaíodh ceangail úra le calafoirt na Breataine agus d'fhógair Dom Pedro I neamhpleáchas na Brasaíle in 1822. Bhí impreacht ag Dom Pedro I agus II ach cuireadh poblacht ar bun in 1889.

Tháinig na milliúnta inimirceach chun na tíre sa naoú haois déag, a bhformhór as an Eoraip, ach roinnt acu as an Áise chomh maith. Níor mhair an daonlathas i bhfad sa tír, agus ba iad ginearáil an airm is mó a bhí i gceannas sa bhfichiú haois.

[athraigh] Rialtas

Is é Brasília an príomhchathair. Is poblacht daonlathach ionadaíoch uachtaráin cónascach í an Bhrasaíl de réir an bunreachta (1988). Is é an t-uachtarán Ceann-Rialtais agus Ceann-Stáit. Is ceann de prionsabail fothaithe polaitiúil an phoblacht é an córas il-pháirtí, mar saoirse polaitiúil a ráthú.

[athraigh] Stáit

Tá 26 stáit agus Ceantar Cónaidhme amháin sa Bhrasaíl

Static Wikipedia (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu

Static Wikipedia February 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu