Ficheall
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is cluiche boird í an fhicheall, agus í ceaptha do bheirt imreoirí. Is í aidhm an chluiche ná rí an chéile imeartha a mharbhsháinniú. Tá an rí marbhsháinnithe, nuair atá sé faoi ionsaí agus ní féidir leis éalú.
Clár ábhair |
[athraigh] Cur síos ar an gcluiche
Imrítear an fhicheall ar bhord a bhfuil ceithre cearnóg is trí scór (8 x 8) ann. Tá dath bán nó dubh sna cearnógaí, agus an dath céanna i ngach dara cearnóg.
Ag tús an chluiche, tá sé fhear déag ag na himreoirí - ocht gceithearnach, dhá chaiseal, beirt ridirí, beirt easpag, aon bhanríon amháin agus aon rí amháin. Is é imreoir na bhfear bán is túisce a bhogfaidh fear dá chuid i dtús an chluiche.
[athraigh] Rialacha na Fichille
Ainm | Litir | Pictiúr |
---|---|---|
An Ceithearnach | . | |
An Ridire | D | |
An t-Easpag | E | |
An Caiseal | C | |
An Bhanríon | B | |
An Rí | R |
Ag tús an chluiche, tá sé fhear bán déag ag imreoir amháin agus an oiread céanna de chinn dhubha ag an imreoir eile. Is le himreoir na bhfear bán an chéad bhogadh i gcónaí. Taispeánann an pictiúr tús an chluiche. Bíonn cearnóg dhubh ar an taobh clé is cóngaraí de na himreoirí i gcónaí. Tosaíonn an bhanríon bhán ar chearnóg bhán agus tosaíonn an bhanríon dhubh ar chearnóg dhubh.
Bogann gach fear fichille i slí dhifriúil.
[athraigh] An Rí
Is é an rí an fear is tábhactaí. Cailltear an cluiche nuair a cailltear an rí. Bogann an rí cearnóg amháin i dtreo ar bith (go cothrománach, go hingearach nó ar fiar). Níl cead ag an rí dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí ag fear le dath eile. Tá cearnóg faoi ionsaí más féidir le fear bogadh ann ar an gcéad imirt eile. Má bhogann an rí chun cearnóige ina bhfuil fear eile, tá an fear sin gafa.
Má tá cearnóg an rí faoi ionsaí, deirtear go bhfuil an rí "sáinnithe". Muna bhfuil an rí in ann an sáinniú a bhriseadh, tá sé "marbhsháinnithe" agus tá an cluiche thart. Briseadh an sáinniú tar éis:-
- an rí a bhogadh go dtí cearnóg nach bhfuil faoi ionsaí
- fir a chur idir an rí agus an fear atá á ionsaí
- an fhir atá á ionsaí a ghabháil
[athraigh] An Bhanríon
Bogann an bhanríon i líne dhíreach chomh fada agus is mian léi. Is féidir léi dul i ngach treo (go cothrománach, go hingearach nó fiarthrasna). Ní féidir léi léim thar fhear eile.
[athraigh] An Caiseal
Bogann an caiseal i líne dhíreach chomh fada agus is mian leis. Is féidir leis dul go cothrománach nó go hingireach. Ní féidir leis léim thar fhear eile.
[athraigh] An t-Easpag
Is ar fiar a théann an t-easpag. Ní féidir leis léim thar fhear eile.
[athraigh] An Ridire
Sé an ridire an t-aon fear atá in ann léim thar fir eile. Téann an ridire go díreach ón gcearnóg ina bhfuil sé go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo cothrómánach agus cearnóg amháin i dtreo ingireach, nó go dtí cearnóg dhá chearnóg i dtreo ingireach agus cearnóg amháin i dtreo cothrománach.
[athraigh] An Ceithearnach
Ní féidir leis an gceithearnach ach bogadh go dtí an cearnóg ar tosach. Ar a chéad bhogadh, is féidir leis dul dhá chearnóg ar tosach. Ní féidir leis an gceithearnach dul go dtí cearnóg in a bhfuil fear eile agus ní féidir leis léim thar fhear eile. Is ar fiar a ghabhann an ceithearnach. Agus an taobh eile den mbórd bainte amach ag ceithearneach, is féidir banríon, caiseal, ridire nó easpag a dhéanamh de.
[athraigh] Gabháil na bhfear
Má bhogann an rí, an bhanríon, an caiseal, an ridire nó an t-easpag go dtí cearnóg ina bhfuil fear an imeartha chéile, gabhtar an fear sin. Bogann an ceithearnach go hingearach ach is ar fiar a ghabhann sé.
[athraigh] Caisliú
Má tá an rí fós ar a phointe imeachta is féidir leis caisliú le chaiseal atá fós ar a phointe imeachra freisin. Bogann an rí dhá chearnóg i dtreo an chaisil agus léimeann an caiseal thar an rí go dtí an cearnóg in aice leis. Rialacha: Ni féidir caisliú
- má bhog an rí roimhe sin
- ma bhog an chaiseal (atá ag iarraidh caisliú) roimhe sin
- má tá an rí "sáinnithe"
- má tá fear idir an rí agus an chearnóg
- má tá an rí ag dul thar cearnóg atá faoi ionsaí
- má tá an rí ag dul go dtí cearnóg atá faoi ionsaí
[athraigh] "En passant" (dul thart)
Tar éis ceithearnaigh a bhogadh dhá chearnóg, má tá ceithearnach an chéile imeartha ar chearnóg in aice leis, is féidir le ceithearnach an chéile imeartha an ceithearnach a ghabháil ar an gcéad imirt eile. Téann an gabhálaí ar fiar chun colúin an cheithearnaigh eile agus tógtar an ceithearnach eile den mbórd.
[athraigh] Leamhsháinniú
Más le himreoir an imirt, muna bhfuil rí sáinnithe aige agus muna bhfuil bogadh dlíthiúil aige, deirtear go bhfuil sé "leamhsáinnithe", agus críochnaíonn an cluiche gan bhuaiteoir.
[athraigh] Comhscór
Bíonn an bua ag imreoir tar éis a chéile imeartha a mharbhsháinniú ach is minic a éiríonn imreoir as an gcluiche nuair a cheapann sé nach bhfuil seans aige.
Is féidir chluiche a chríochnú mar chomhscór
- má shocraíonn na himreoirí. Níl cead ag imreoir comhscór a thairiscint ach díreach tar éis fir a bhogadh
- léamhsháinniú (féach suas)
- muna bhfuil na fir fágtha ar an mbórd ábalta marbhsháinniú. Mar shampla - rí v rí, rí agus easpag v rí, rí agus ridire v rí, rí agus easpag v rí agus easpag (má tá na heaspaig ar chearnóga den dath céanna)
- má tharlaíonn an staid céanna ar an mbórd trí uaire, is féidir le himreoir comhscór a éileamh
- is féidir le himreoir comhscór a éileamh tar éis 50 bhogadh (bán agus dubh) i ndiaidh a chéile gan bogadh ceithearnaigh
[athraigh] Samplaí
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Is le himreoir na bhfear dubh an imirt ach níl a fhir ábalta bogadh.
|
[athraigh] Imreoirí Cáiliúla
[athraigh] An Chraobh Dhomhanda
Na Curaidh Domhanda (gan agó)
- Wilhelm Steinitz, 1886–1894, An Ostair
- Emanuel Lasker, 1894–1921, An Ghearmáin
- José Raúl Capablanca, 1921–1927, Cúba
- Alexander Alekhine, 1927–1935, An Rúis/An Fhrainc
- Max Euwe, 1935-1937, An Ísiltír
- Alexander Alekhine, 1937–1946, An Fhrainc
- Mikhail Botvinnik, 1948–1957, APSS
- Vasily Smyslov, 1957–1958, APSS
- Mikhail Botvinnik, 1958–1960, APSS
- Mikhail Tal, 1960–1961, APSS
- Mikhail Botvinnik, 1961–1963, APSS
- Tigran Petrosian, 1963–1969, APSS
- Boris Spassky, 1969–1972, APSS
- Robert James Fischer, 1972–1975, Na Stáit Aontaithe
- Anatoly Karpov, 1975–1985, APSS
- Garry Kasparov, 1985–1993, APSS/An Rúis
D'fhág Kasparov FIDE sa bhliain 1993 agus chuir sé eagrú fichille nua ar bun, an PCA. Bhí dhá chraobh dhomhanda ó 1993 go dtí gur bhuaigh Kramnik (an curadh clasaiceach) ar Topalov (an curadh FIDE) i gcluiche in Elista,An Rúis, sa bhliain 2006.
- Vladimir Kramnik, 2006– An Rúis
Na Curaidh Domhanda Clasaiceacha
- Garry Kasparov, 1993–2000, An Rúis
- Vladimir Kramnik, 2000– An Rúis
Na Curaidh Domhanda FIDE
- Anatoly Karpov, 1993–1999, An Rúis
- Alexander Khalifman, 1999–2000, An Rúis
- Viswanathan Anand, 2000–2002, An India
- Ruslan Ponomariov, 2002–2004, An Úcráin
- Rustam Kasimdzhanov, 2004–2005, An Úisbéiceastáin
- Veselin Topalov, 2005–2006, An Bhulgáir
- Vladimir Kramnik, 2006– An Rúis
[athraigh] Imreoirí Cáiliúila Eile
- Is í Judit Polgar an imreoir mná is láidre riamh