An Aithin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Tá an t-ainm sin ar an gcathair mar ómós don bandia Ataene, cosantóir na cathrach. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Gréige.
Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó na trian de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha sa chathair i 1896 is bhí siad ann arís don dara h-uair i 2004.
[athraigh] Stair
Ba cheann de na cathairstáit ba chumhachtaí í an Aithin i gcaitheamh Ré Órga na Sean-Gréige, idir 500 is 336 R.Ch. Ba í an Acrapail nó dún ard lárionad na searmanas san Aithin. Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát. Bhíodh dealbh Ataene timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Ba é Peiricléas ceannaire na hAithine nuair a bhí an chathair i mbarr a cumhachta is a saibhris.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
![]() |
athraigh Príomhchathracha an Aontais Eorpaigh |
---|---|
An Aithin | Amstardam | Baile Átha Cliath | Beirlín | An Bhratasláiv | An Bhruiséil | Búcairist | Búdaipeist | Cóbanhávan | Heilsincí | Liospóin | Liúibleána Londain | Lucsamburg | Maidrid | An Leafcóis | Páras | Prág | Ríge | An Róimh | Sóifia | Stócólm | Tallinn | Vaileite | Vársá | Vilnias | Vín |