Sanscrait
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í an tSanscrait teanga léannta na hIndia. Ceann de na teangacha Ind-Eorpacha í. Tá sí ar an gceann is sine de na teangacha Ind-Eorpacha, agus nuair a fuair na teangeolaithe Iartharacha amach faoin ngaol a bhí aici leis an Laidin agus leis an tSean-Ghréigis, ba mhór an spreagadh é d'fhorbairt na teangeolaíochta stairiúla.
Baineann lucht leanúna an Hiondúchais, an Bhudachais agus an Jaineachais úsáid na teanga naofa aisti, agus tá sí ina teanga Chlasaiceach ag muintir na hIndia cosúil leis an Laidin san Eoraip. Tá sí go líofa ag ceithre mhilliún duine ar a laghad, agus iarrachtaí athbheochana ar obair i Mattur i stát Karnataka: is féidir, ansin, teacht ar pháistí a d'fhoghlaim Sanscrait óna dtuismitheoirí agus í ó dhúchas acu anois. Tugann bunreacht na hIndia aitheantas don tSanscrait mar cheann de na teangacha oifigiúla.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.