An tAontas Eorpach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is eagraíocht idirnáisiúnta é an tAontas Eorpach (AE). Tá seacht dtír is fiche ann agus iad ar fad lonnaithe i mór-roinn na hEorpa. Tá daonra de tuairim is 457 milliún aige (2005). Is é Aontaithe san éagsúlacht a mhana. Is é an euro (€) an t-airgeadra le haghaidh formhór na dtíortha san Aontas Eorpach. Déantar 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar lá na hEorpa.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair
Tá éabhlóid mhór tagtha ar an Aontas Eorpach ón am a bunaíodh é mar fhoras trádála le 6 bhall sna 1950í go dtí an lá atá inniu ann. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí meanma i measc tíortha in iarthar na hEorpa a ghlac páirt sa chogadh straitéisí nua comhoibrithe a chruthú eatarthu le cinntiú nach dtarlódh cogadh domhanda eile. D'éiligh Winston Churchill go gcruthófaí "Stáit Aontaithe na hEorpa" i 1946 (cé nach raibh an Ríocht Aontaithe in áirithe leis seo).
I 1950, d'fhógair Aire Ghnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman moladh go ndéanfaí comhbhainistiú ar thionscal guail agus cruaiche na Fraince agus na Gearmáine. Mhaígh an chápéis (ar a thugtar Fógairt Schuman) go mbeadh an comhaontú seo mar "an chéad chéim i dtreo cónascadh Eorpach". Breathnaítear ar Fhógairt Schuman mar an chéim a chur tús le eagraíocht a d'fhás isteach san Aontas Eorpach. Cruthaíodh Comhphobal Guail agus Cruaiche na hEorpa bunaithe ar Fhógairt Schuman nuair a síníodh Conradh Páras i 1951 idir Iarthar na Gearmáine, An Fhrainc, An Iodáil, An Bheilg, An Ísiltír agus Lucsamburg.
Shínigh na tíortha seo Conradh na Róimhe i 1957 rud a chruthaigh an chéad aontas iomlán custaim - Comhphobal Eacnamaíoch na hEorpa (nó An Cómhargadh). D'athríodh an t-ainm seo go dtí Comhphobal na hEorpa agus breathnaítear ar seo mar an chéad cholún den Aontas Eorpach. Bunaíodh an tAontas Eorpach i 1993 nuair a shínigh an 12 ball Conradh Maastricht. Thug an Conradh sin cumhachtaí nua do Pharlaimint na hEorpa agus chruthaigh sé dhá cholún comhoibrithe eile - Comhpholasaí do Ghnóthaí Eachtracha agus Slándála agus Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile.
Mhéadaigh an líon ball thar na blianta. Seo achoimre ar na tíortha a tháinig isteach san aontas:
- 1973: Éire, An Ríocht Aontaithe agus An Danmhairg (dhiúltaigh muintir na hIorua i reifreann)
- 1981: An Ghréig
- 1986: An Spáinn agus An Phortaingéil
- 1995: An Ostair, An Fhionlainn agus An tSualainn (dhiúltaigh muintir na hIorua i reifreann arís)
- 2004: An Laitvia, An Liotuáin, Málta, An Phoblacht Sheiceach, An Pholainn, An Rómáin, An tSlóivéin, An tSlóvaic, An Chipir, An Ungáir agus An Eastóin
- 2007: An Bhulgáir agus An Rómáin
Tá 12 tír a bhí ann go dtí seo i limistéar an euro, agus ceaptar go dtiocfaidh an chuid is mó de na baill nua isteach chomh luath agus is féidir leo.
[athraigh] Méadú
Tá an Chróit, Poblacht na Macadóine agus an Tuirc ag cur isteach ar bhallraíocht. Tá iarratas na Cróite á chur ar gcúl faoi láthair. Tá cuid den Aontas ag cur in aghaidh teacht isteach na Tuirce san AE.
[athraigh] Maoiniú an AE
Aontaíonn na Ballstáit buiséad an Aontais Eorpaigh ar bhonn ilbhliaintúil tar éis dóibh togra a fháil ón gCoimisiún Eorpach. D'imigh an buiséad faoi dheireadh in éag i 2006 agua caithfear buiséad nua a aontú do na blianta 2007-2013. Cuireadh tús leis na pléite ar an mbuiséad nua i 2004. Clúdóidh an socrú nua buiséad d'Aontas ina bhfuil seacht mBallstát is fiche le leibhéil éagsúla forbartha eacnamaíochta agus sóisialta bainte amach acu.
[athraigh] Polasaithe
Ó thaobh forbairt talmhaíochta agus tuaithe de, tá an Comhbheartas Talmhaíochta, ar a dtugtar an CAP nó an Common Agricultural Polcy as Béarla, á athchóiriú faoi láthair. Bunaíodh creat dleathach ar a tugadh an Comhbheartas Iascaireachta nó Common Fisheries Policy (CFP) i 1983. Seo an beartas faoina bhfuil forbairt na n-earnálacha iascaireachta curtha i bhfeidhm. Rinneadh athbhreithniú agus athchóiriú air sa bhliain 1992 agus arís ag deireadh na bliana 2002. Tá an bhéim curtha ar chaomhnú agus ar atógáil stoic sa CFP.
[athraigh] Institiúidí agus Comhlachtaí an AE
Is iad seo institiúidí an AE, mar atá:
- Parlaimint na hEorpa
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- An Coimisiún Eorpach
- An Chúirt Bhreithiúnais Eorpach
- Cúirt Eorpach na nIniúchóirí (CIE)
Is iad seo comhlachtaí an AE, mar atá:
- An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta
- Coiste na Réigiún
- An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
- An Banc Infheistíochta Eorpach
- Ombudsman na hEorpa
[athraigh] Naisc sheachtracha
- EUROPA – Tairseach an Aontais Eorpaigh
- EUABC (i mBéarla)
- EUobserver (i mBéarla)
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Le teacht | ||
an Chróit • Poblacht na Macadóine • an Tuirc |